Scoil: Poll an tSómais (uimhir rolla 16283)

Suíomh:
Poll an tSómais, Co. Mayo
Múinteoir:
Proinnsias Mac Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 469

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 469

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Poll an tSómais
  2. XML Leathanach 469
  3. XML “Tomhasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sin é amuigh é - Sin é istig é,
    Sin é sa chlaidhe é, agus dá chéad súil air. (CRIATHAR)
    Giorráinín, caráilte, bobailte, donn
    Dhá shiubhalfadh sí Éire, ní fhliuchfadh sí a bonn. (BEACH)
    Burléín iarainn, agus snath olainn as.
    (SNÁTHAID)
    Stana iarrainn, agus a lán feola ann.
    (MÉÁRACÁN)
    Scata muca ruadha agus dul suas an cnoc.
    (DRILLEANNA)
    Gillín Ó Gill ag dul thar sruth,
    Fear ag innseacht sgealta gan feith, gan fuil.
    (LEITIR)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge