School: Poll an tSómais (roll number 16283)
- Location:
- Poll an tSómais, Co. Mayo
- Teacher: Proinnsias Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Poll an tSómais
- XML Page 523
- XML “Féar Gortach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nó barr an[?] leathair ón a mbrógaibh agus tigeann biseach orrtha agus bíonn siad in don a mbealach a dhéanamh abhaile nó comh fada le teach.
Tháinig sé orm féin ar dhá ócháid, uair ag Croc na Cíbe, agus uair eile ag Mallai Fhalach. An tam a bhuail sé mé ag Cnoc na Cíbe, ní raibh aon ocras orm mar bhí mé tar éis béile maith chaitheamh tamall gearr roimhe sin. Bhí mé tuirseach mar chaith mé an lá a seilg ar an sléibh, agus bhí díombáid orm mar b'éigin dom siubal abhaile, mar ní thig liom dul a rothaireacht toisc an saor roth dul as an treó.
D'éirigh mé comh lag nach raibh mé in dan siubhal nó seasamh. Níor rinne mé ach mo scian do tharraingt amach, agus greimín de mhás cinn de na gearr fhiadhacha a bhí agam do chur in mo bhéal, agus béinn in dan lá eile mar é do sheasamh.