Scoil: Poll an tSómais (uimhir rolla 16283)
- Suíomh:
- Poll an tSómais, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Proinnsias Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Poll an tSómais
- XML Leathanach 523
- XML “Féar Gortach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nó barr an[?] leathair ón a mbrógaibh agus tigeann biseach orrtha agus bíonn siad in don a mbealach a dhéanamh abhaile nó comh fada le teach.
Tháinig sé orm féin ar dhá ócháid, uair ag Croc na Cíbe, agus uair eile ag Mallai Fhalach. An tam a bhuail sé mé ag Cnoc na Cíbe, ní raibh aon ocras orm mar bhí mé tar éis béile maith chaitheamh tamall gearr roimhe sin. Bhí mé tuirseach mar chaith mé an lá a seilg ar an sléibh, agus bhí díombáid orm mar b'éigin dom siubal abhaile, mar ní thig liom dul a rothaireacht toisc an saor roth dul as an treó.
D'éirigh mé comh lag nach raibh mé in dan siubhal nó seasamh. Níor rinne mé ach mo scian do tharraingt amach, agus greimín de mhás cinn de na gearr fhiadhacha a bhí agam do chur in mo bhéal, agus béinn in dan lá eile mar é do sheasamh.