School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhthuama
- XML Page 018
- XML “Daoine Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Aodh Mac Deagáin.
Bhí fear in a chómhnuidhe i nduthaigh Dheirc, Gaoth-Sáile, Co. Mhuigheó, agus shiubhail sé as Sligeach go Duthaigh Dheirc nuair a bhí sé teacht abhaile as Sasana agus rinne sé an tsiubhlóid seo in aon lá amháin. Ba fear beag caol é. Fuair sé bás timcheall deich mbliadhna ó shoin agus bhí sé an uair sin dá bhliadhain deug agus trí scór. Chualaidh m-athair an cunntas seo ó Aodh féin.
Bhí fear eile ina chómhnuidhe i nDubh-Loch, Gaoth-Sáile, Béal an Atha, Tomás O Ruadháin a bhí mar ainm air. Ba uncal do Sheán Ó Ruadhain é. Bhí sé féin agus fear eile ag dul to Sasana am amháin. Níor mhaith leis an fear eile a bheith i bhfad ar an bhairrge agus shiubhail an bheirt aca ó Dhubh-loch to Doire - os cionn céad míle. Fuair Tomás bás dhá bhliadhain ó shoin agus bhí sé 73 bliadh. an uair sin.
Tomás féin a d'innis é seo do'm athair.- Collector
- Brighid Nic Thámhais
- Gender
- Female
- Informant
- Micheál Mac Thámhais
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Address
- Dumha Thuama, Co. Mayo