School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhthuama
- XML Page 010
- XML “Ciste Óir i bhFalach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear in-a chómhnuidhe i nDubh-Loch am amháin agus tugadh hAnnraoí Ó Máille mar ainm air. Tháinic neach aige agus d'innis sé dó go raibh ciste óir i dteampall chill-Théine. (Cill tSéadna)
D'imthigh h-Annraoí ar siubhal oidhche agus bhuail air, ag an áit a raibh an ciste, bhí chlár os cionn an chiste, agus rinne sé torann chomh-mhór is gur shíl sé go gcluinfhí ins an domhain shoir é agus níor bhfada in a dhiaidh sin go dtáinic éan os a chionn agus leag a dhá sgiothán ar dhá bhinn an teampaill agus bháin sé anc na spéire dhe agus sgannruigh an fear.
D'imthigh h-Annraoi abhaile. Ar a bhealach abhaile tháinic beithidheach capaill roimhe agus buaithrín air agus bhuail ar a dhá shlinneán le'n a dhá chois tosuigh. Chuaidh sé abhaile agus níor mhair sé bliadhain in a dhiaidh sin go bhfuair sé bás.- Collector
- Máire Ní Ghácháin
- Gender
- Female
- Informant
- Miceál Ó Connmhacháin
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tulachán Bán, Co. Mayo