Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)
- Suíomh:
- Tip, Co. Mayo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Shíthigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seán agus an tSióg.
Bhí buachaill ann uair amháin agus Seán an t-ainm a bhí air. Ló amhain chuaigh sé suas ar chrann ard ag lorg nead. Shroich se barr an chrainn agus chonaic se pota óir leagtha ar duilleóg. Léim a croidhe le áthas agus sín sé a lámh chun ghreim fágail ar an gcroca ach bhris taobh an crainn agus thit Seán bocht anuas ar an dtalamh. D`éirigh leis amhchach an pota óir a thabhairt leis. Gortuigeadh go mor san éadan é ach bhí sé in ann suibháil. D'imigh sé leis agus a lámh ar a éadan. Bhí poll mor sa tslighe agus ní fhaca Seán é agus thuit sé isteach ann. Thosaigh sé ag béiceadh agus ag béiceadh agus ag glaodh chun é a sábhailt. Fé chionn tamsan gearr tháinig fear beag agus feasóg liath air. chuige "má thugann tú an pota óir dom tógfaidh me as an bpoll tú'' ars an firín. "Maith go leor" ars Seán bíodh se na mhargadh. Fuair an firín cead agus chuir se timcheall Seáin é agus tharraing aníos as an bpoll é, ach nuair a fuair Seán a dhá chois as an bpoll, rith se le n'anam agus d'fhag se an fear beag liath mar a raibh sé. "Geobhadh sa tusa arís ars an sidheóg.
Lá'r na bharach d'éirigh Seán go moch chun dul go dtí an aonach le caoire(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Corcoráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Mhoing Chríonna, Co. Mayo