Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)
- Suíomh:
- Tip, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Shíthigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Port an Iascaigh
- XML Leathanach 424
- XML “An Táilliúir agus an Fathach”
- XML “Feilm Stiopháin Mhic Aindriú”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fathach ó'n mbord mar bhí sé cuirse do bheith ag ithe.
Annsan d'eirigh an tailliúr ó'n mbord agus dubhairt leis an bhfathach go mbeadh sé i n ann an méid a bhí ithte aige a leigint amach airis. Fuair sé sgian mhór agus tharraing trí an mála í agus leig amach gach greim a bhí ann. "Ó" ars an fathach an mbeidh tú i n-ann é sin a dheanamh domsa. "Beidh mé, gan amhras" ars an táilliúr. Rug sé ar a sgian agus sgoilt an fathach agus mharbhuigh é.
Thuit talamh agus airgead an fhathaigh leis annsan agus bhí saoghal bréagh aige go deireadh a shaoghail. - 1. Gáirdín an Chabáiste
2. Píosa an Chnuic
3. Garrdha na Raithnighe
4. Garrdha na gcruach
5 An Píosa Láidir
6. Píosa an Mhóinfhéir
7. Gáirdín na mbláth