School: Cill Mhór Iorruis

Location:
An Sáilín, Co. Mayo
Teacher:
Seán S. Ó Cróinín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0134, Page 318

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0134, Page 318

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mhór Iorruis
  2. XML Page 318
  3. XML “An tAthair Mánus Mac Suibhne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Dubhairt sé "Go mbeannuighidh Dia an duine a nólfas deoch go deó as an tobar seo". Ní raibh bliadhain thart nuair a mharbhuigh an cosantóir cósta é féin leis a láimh féin. Nuair a bhí an sagart ag fágáil an tighe i gCnoc a Loghdha d'fág sé le fear an tighe an bosca beag airgid a mbíodh sé ghá n-iompur i gcóir na Comaoineach agus dubhairt sé leis e a comghbheál go bhfuigheadh sé seansa cun é a thabhairt do saghart. Bhí sé san theach sin ó glúin go glúin go dtí timcheall is fiche mbliadhain ó shoin. Ní raibh fágtha de'n teaghlach ach sean-fhear agus nuair a bhí sé ag fághail bháis thug sé don Athair Hewson is Béal-an-Mhuirthid é. Cuir seisean go Mágh Nuadhat é mar bhíodar ag déanú cruinniú ann de na rudaí a bhain le na dlíghthe peannaideacha.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish