School: Béal an Mhuirthid (C.) (roll number 14857)
- Location:
- Béal an Mhuirthead, Co. Mayo
- Teacher: Sorcha, Bean Uí Náraidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do thárla an stoirm seo ar an 6adh. Eanair sa mbliadhain 1839. Scuabadh agus réabhadh tighthe, cocaí feír, cruacha coirce agus sgrios sí an tír. Tháinig go leor iasg isteach leis an taoide agus scuabadh báid mhóra isteach i bhFód Dubh. Bhí fir ag iasgach i gcuan Fhód Dhuibh an lá roimhe sin agus d'fhág siad na h-eangacha thíos an trathnóna sin. Nuair déirigh an ghaoth chuaidh siad amach le na h-eangacha a thógáil ach scuabadh iad annseo agus annsuid agus sa deire tháinig siad isteach ag Fód Dubh. De bhárr anró na h-oidhche sin níor mhair fear aca seo go deireadh na bliadhna. Ní raibh teach fágtha ach amháin na tighte go raib cnuic gatnmé (?) mór thimcheall orra. Scannruigh an gála na daoine agus rith siad le fáscadh fhághail in gach áit. D'éirigh tuighe de tighthe agus sciob an gaoth léo iad míle bealach nó níos mó. Marbhuigheadh daoine agus ainmhidhthe an oidhche sin. D'innis Sinéad Mhic Éil, Muing an sgéal sin thuas.
- Collector
- Máire Ní Eocaidh
- Gender
- Female
- Informant
- Sinéad Mhic Éil
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Female
- Age
- 75
- Address
- Talach, Co. Mayo