Scoil: Béal an Mhuirthid (C.) (uimhir rolla 14857)

Suíomh:
Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sorcha, Bean Uí Náraidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0134, Leathanach 413

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0134, Leathanach 413

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal an Mhuirthid (C.)
  2. XML Leathanach 413
  3. XML “Oíche na Gaoithe Móire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do thárla an stoirm seo ar an 6adh. Eanair sa mbliadhain 1839. Scuabadh agus réabhadh tighthe, cocaí feír, cruacha coirce agus sgrios sí an tír. Tháinig go leor iasg isteach leis an taoide agus scuabadh báid mhóra isteach i bhFód Dubh. Bhí fir ag iasgach i gcuan Fhód Dhuibh an lá roimhe sin agus d'fhág siad na h-eangacha thíos an trathnóna sin. Nuair déirigh an ghaoth chuaidh siad amach le na h-eangacha a thógáil ach scuabadh iad annseo agus annsuid agus sa deire tháinig siad isteach ag Fód Dubh. De bhárr anró na h-oidhche sin níor mhair fear aca seo go deireadh na bliadhna. Ní raibh teach fágtha ach amháin na tighte go raib cnuic gatnmé (?) mór thimcheall orra. Scannruigh an gála na daoine agus rith siad le fáscadh fhághail in gach áit. D'éirigh tuighe de tighthe agus sciob an gaoth léo iad míle bealach nó níos mó. Marbhuigheadh daoine agus ainmhidhthe an oidhche sin.
    D'innis Sinéad Mhic Éil, Muing an sgéal sin thuas.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. próisis agus feiniméin
      1. gaotha (~357)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Eocaidh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Sinéad Mhic Éil
    Gaol
    Duine neamhghaolta
    Inscne
    Baineann
    Aois
    75
    Seoladh
    Talach, Co. Mhaigh Eo