School: Béal an Mhuirthid (C.) (roll number 14857)
- Location:
- Béal an Mhuirthead, Co. Mayo
- Teacher: Sorcha, Bean Uí Náraidhe
![The Schools’ Collection, Volume 0134, Page 446](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0134%2FCBES_0134_446.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0134, Page 446
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Dubhairt sé go n-imreochadh sé an giorán bán ar na cártaí agus baineadh de é.
Bhí an t-airgead, an giorán bán agus an cairt caillte anois aige agus b'éigin dó an bóthar a bhuaileadh abhaile le dhá láimh chómh fada lé na chéile. Bhí imnidhe air acht mar sin fhéin bhí a chroidhe tógtha ag an ól. Bhuail sé isteach chuig Diarmuid le na phóca follamh. "A Domhnaill cá bhfuil an cairt? " arsa Diarmuid, "agus an gearán bán". "Ó" arsa Domhnaill "Tá siad caillte agam". "Má's mar sin é beidh tú fhéin ag imtheacht imbárach. "Ó ceart go leór a Dhiarmuid, " arsa Dómhnaill. "Níl aon chall agat a rádh liom. Is fada atá seo geallta dom, agus mar sin fhéin ní dhearna mé do chómhairle".(continues on next page)- Collector
- Mairéad Nic Amhalaigh
- Gender
- Female
- Address
- Béal an Mhuirthead, Co. Mayo
- Informant
- Bean Uí Naraidhe
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Female