School: Gleann Calraighe (roll number 15864)

Location:
Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mayo
Teacher:
Nóra Ní Riagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 8

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 8

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Calraighe
  2. XML Page 8
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí brón ar a athair, Fionn Mac Cumhaill nuair a chonnaic sé Óisin ag imteacht go tír na nÓg. D'fhág siad Éire annsin agus chuaidh siad thar an fhairrge.
    Nuair a bhí siad ag dul go tír na nÓg chuaidh siad isteach go dí an teach seo, agus bhí fatach mor. Annsin nuair a bhí Oisín agus Niamh Chinn Óir i dtír na nÓg do posadar an beirt aca le chéile.
    Bhí Oisín i dtír na nÓg trí chéad bhliadhain agus shíl sé nach raibh sé ann acht trí bhliadhain. Aon lá ámhain iarr sé cead ar Niamh Chinn Óir dul go h-Éireann chun a athair agus na Fianna d'fheicheál. Dubhairt sí le m'ás rud gur fhágfadh sé a chos ar thalamh na h-Éireann go mbéad sé ina sean-fhear críona go deó.
    Thainig sé go h-Éireann acht fairíor géar, ní bhfuair sé a athair ná na Fianna roimhe.
    Nuair a bhí sé ag dul go tír na nÓg arís chonnaic sé cúpla fir ag tógaint cloch acht ní raibh siad abálta.
    Chuaidh Oisín siar go dtí na fir agus chroim sé síos ag thógaint suas an cloch ach thuit sé d'én capaill agus bhí sé ina sean-fhear críona caithte
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Éigeartaigh
    Gender
    Female
    Address
    Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mayo
    Informant
    Sean Mac an Bhreiteamhan
    Gender
    Male
    Age
    78