School: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: An tSr. Aingeal
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Uair amháin bhí leaidin beag ann agus ní raibh in a chomhnuidhe leis acht a mháthair. Lá amháin nuair a tháinig sé isteach chuig a dhinnéar bhí pláta leitean fágtha ar an mbórd dhó agus alán cuileóg ann. Bhí píosa éadaigh fágtha air freisin. Rug sé air agus do mharbhuigh sé trí scór cuileóg go leith le aon buille amháin agus cheap sé go raibh sé go h-an láidir ar fad. Annsin chuaidh sé amach ag lorg oibre. Chas Rí air agus dubhairt an Rí "Cé'n chaoi bhfuil tú a leaidín bheag?" "Tá mé go maith" arsan leaidín. "Cá bfhuil tú ag dul anois" arsan Rí. "Ag olorg oibre" arsan duine beag. "Tusa ag lorg oibre! Céard tá tú indon a dhéanamh?" arsan Rí. O! arsan leaidín, "Tá mé indon trí scór a mharbhadh le aon buille amháín." "Is iongantach an duine thú" adeir an Rí(continues on next page)
- Informant
- Liam Ó hÉilighe
- Gender
- Male
- Address
- Rathoonagh, Co. Mayo