School: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: An tSr. Aingeal
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cill-Árd- Dubh an t-ainm atá ar an mbaile in a bhfuilim in mo chomhnuidhe. Is i bparróiste Dhúin Fhianaig atá Cill-Árd- Dubh. Tír Amhlaidh ainm na barúntachta. Roimg bhliadhain an droch-saoghail bhí ós chionn céad teach i gCill-Árd- Dubh. Ba iasgairí uilig a bhí in a gcomhnuidhe ann agus tighthe ceann tuighe a bhí uilig ann. Conchubharaigh an t-ainm ba coitchiannta a bhí i gCill-Árd- Dubh fadó. Ins an t-sean Gaedhilge b'ionann an focal Cill agus teampall. Teampall ar a raibh dath dubh dob' ead Cill-Árd- Dubh. Níl aon sean duine sa mbaile Fearainn seo ós chionn 70 bliadhain. Tá a lán sean fhothracha i gCill-Árd- Dubh. Tá clochar nó Teampall Ban Tíaghalta ann.
Sé an t-ainm atá ar an t-sean teampall ná teampall na gCailleach nDubh. Éadaigh dubha a bhí ar(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Chonmara
- Gender
- Female
- Address
- Killerduff, Co. Mayo
- Informant
- Máirtín Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Killerduff, Co. Mayo