School: An Cheathrú Mhór
- Location:
- Carrowmore, Co. Mayo
- Teacher: P. Ó Glacáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)arsa an bean. "Féach idir dhá chluais an chapall romhat agus má fheiceann tú tadaí déan cómhartha na croise". D'fhéach an fear mar ordúghadh dhó agus chonnaic sé tais roimhe insan mbóithrín. Rinne sé cómhartha na croise idir dhá chluais an chapall agus chuaidh sé ar aghaidh annsin.
Thárla leobhtha go maith go dtáinig siad go Aba-an- Crot. Sheas an capall annsin arís, agus d'fhéach an fear agus chonnaic sé taidhbse ar bhruach an chnocáin. Rinne sé cómhartha na croise arís, agus chuaidh an chapall treasna na h-abhann. D'éirigh sé cos in áirde leis agus an bromach ina dhiaidh, go dtáinig sé go dtí an tigh i gCeathrú Mór. Nuair shroich siad an teach, chaith an capall an fear agus an bhean ar carn aolaigh a bhí taobh amuigh den doras, agus chuaidh sé féin agus an bromach isteach sa teach.
"Cuirfidh mé amach iad" arsa an fear. "Ná chuir" arsa an bhean. "Béidh siad marbh ar maidin má chuireann tú amach iad". Fágadh annsin iad ag breacadh an lae.- Collector
- Áine Ní Giolla Ríogh
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Address
- Slatehill, Co. Mayo