School: Gleann Garbh, Lios Mór (roll number 1710)
- Location:
- Glengarra, Co. Waterford
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Garbh, Lios Mór
- XML Page 177
- XML “Scéal na Fathach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Chuaidh daoine uaisle amach ar sliabh lá ag fiadhach sa Sealghaireacht. Tháinign ceo agus fearthainn ortha agus cuireadh amugha iad. Scaradar ón a chéile, bhí Seán sé sin comphánach amháin bhí ortha, agus ní raibh aoinne in a fhóchair nuair a chuireadh amugha agus bhí sé dorcha beagnach amh éigin san oidhche, bhuail sé a éadan i gcoinne doras na cuairte. Chuaidh sé go dtí an doras agus glaodhach sé osluigheadh an doras dó agus cad a bheadh ann ach triúr fathaig, tháinigh sgannra agus eagla air nuair a chonaich sé na triúr fathaigh mar sin d'iarr sé ar lóistin na h-oidhche agus fuair seé é agus a suipéar, ach shíl sé go mharbheocaidh é roimh maidin. Nuair d'éirigh sé ar maidin bhíodar ag thógaint amach as agus dubharadar leis suigh síos chun a bhreacfást. Dé an ainm atá ort arsa ceann es na fathaith leis. Seán a ghlaoidheann siad orm arsa mé féin. Tosnuigheadh ag innsin ar na gascidhe a bhíodar ábalta a dhéanamh agus níor chuir sé t-sim in aon chor ortha. Déanfadh sé féin gaiscide nár ionghadh ortha. Bhíodar ag féachaint air agus bhí ionghadh ortha(continues on next page)
- Collector
- Seán Ó Muirghise
- Gender
- Male
- Address
- Lismore, Co. Waterford