School: Gleann Garbh, Lios Mór (roll number 1710)
- Location:
- Glengarra, Co. Waterford
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Garbh, Lios Mór
- XML Page 204
- XML “Fathach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ba é Fionn Mac Cumhail an fatach dob fhearr a bhí in Éireann le na linn. Rith sé ó Recormac le'n a ainm agus a namhaid in a dhiaidh nó go shrois sé innse ar port Aba Móire timcheall trí mhíle ar thiar do'n mBaile Dubh. Thug sé fé an Aba Mhór agus tháinigh sé trasna na h-abha in aon léim amháin agus glaodhann siad Innse an Léime ar an áit ó shoin. Annsin thriall sé ar an mBaileinn agus bhí comhnuidhe a mbun Gleann Shast ar feadh tamaill maith. Leastíar do'n corál cloc bhí an tigh aige. Lá aithre tháinigh gaisceac Innse na Clompa chun troid leis. Nuair a chonnaic na banaltra ag teacht é dúirt sí le Fionn luighe sa cliabhain agus go gcluideác sí ann é agus do dhein sé agus niarbh fada gur bhuail an gaisceac an doras isteach. "Tá an gaoth sa doras agat a bhean mhaith" ar seisean. "Tá" arsa sí sin "ach dá mbeadh na fearaibh sa bhaile ionpódais an tigh timcheall". Tighthe adhmad a bhíodh aca an uair úd agus níor dhein an gaisceach ach a gualainn do chur le cúinne an tigh agus é iompód timcheall. "Cábhfuil na fearaibh?" ar sé sin. "Tá siad imtighthe ó bhaile ag féadach go dtí an Gleann Síocáin.(continues on next page)
- Collector
- Micheál de Lundera
- Gender
- Male
- Address
- Glengarra, Co. Waterford