School: Cnoc Melleray (C.), Ceapach Chuinn (roll number 7311)
- Location:
- Cappoquin, Co. Waterford
- Teacher: Áine, Bean an Daltúnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)11. Domhnach Cásga is mór an náire bheith gan feoil.
Aoine an Chéasta is mór an céasadh bainne d'ól.
12. Siúl le braith a chailleann an cearrbhach,
13. Is fearr páiste ná poll ach níl ann ach san.
14. Bíonn an ghrian ag rinnce sa spéir maidean Domhnaigh Cásga.
15. A té nach bíonn láidir ní foláir dó bheith glic.
16. Ní dhéanfadh an saoghal capall ráis d'asal.
17. Níl luibh ná leighis in aghaidh an bháis.
18. Márta dubh gaothmhar
Abrán bog braonach
Bealtaine búlfluich
Gan déaramh ar aon rud.
19. Téigheann an bainne sa Gheimhreadh go h-adharcuibh na mbó.
20. Is breágh í an teine, rud le n-ithe
Grásta Dé agus pinginí airgid.