School: Baile Mhic Airt, An Rinn
- Location:
- Ballymacart, Co. Waterford
- Teacher: Tomás Ó Faoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)blúire féir isteach leo. Beirbhuightear é annsan in bainne. Ólann gach duine sa tigh spúin de gach maidin ar feadh naoi mhaidne.
* * * *
Má thagann gamhain geal bán imeasg bó fheirmeóra Lá Bealtaine, is rathmhail an níd é, agus bíonn an rath ar na buaibh agus ar an dtigh a dtagann a leithéíd ann. Tá sean-amhrán ann ag tagairt do'n ngamhain ceudhna.
"Tá bó agam ar an sliabh;Is táim le seol'na diaidhÓ chailleas-sa ma chiall le grádh dhíD'á seoladh soir is siarIs gach áit d'á ngabhann an ghrianGo n-iompuigheann sí aniar um thrácthnóna."
* * * *
Bhíodh rinncí fada ar suibhal Lá Bealtaine fadó ar fuaid na tíre. Timcheall na sceithe gile a déintí an rinnce sin agus bhíodh míle slighe fé'n bhfáinne a bhíodh ag lucht an t-suilt. Bhíodh banndaí bláthanna timcheall cinn na gcailíní agus slata glasa ag na buacaillíbh agus bhíodh an fear ba láidre agus ba groidheomhla san pharóiste i lár an fháinne istigh, agus é ag tabhairt orduighthe uaidh.(continues on next page)- Collector
- Máire Breathnach
- Gender
- Female
- Address
- An Chúil Rua, Co. Waterford
- Informant
- Seán Breathnach
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Chúil Rua, Co. Waterford