Scoil: Baile Mhic Airt, An Rinn
- Suíomh:
- Baile Mhac Airt, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás Ó Faoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)blúire féir isteach leo. Beirbhuightear é annsan in bainne. Ólann gach duine sa tigh spúin de gach maidin ar feadh naoi mhaidne.
* * * *
Má thagann gamhain geal bán imeasg bó fheirmeóra Lá Bealtaine, is rathmhail an níd é, agus bíonn an rath ar na buaibh agus ar an dtigh a dtagann a leithéíd ann. Tá sean-amhrán ann ag tagairt do'n ngamhain ceudhna.
"Tá bó agam ar an sliabh;Is táim le seol'na diaidhÓ chailleas-sa ma chiall le grádh dhíD'á seoladh soir is siarIs gach áit d'á ngabhann an ghrianGo n-iompuigheann sí aniar um thrácthnóna."
* * * *
Bhíodh rinncí fada ar suibhal Lá Bealtaine fadó ar fuaid na tíre. Timcheall na sceithe gile a déintí an rinnce sin agus bhíodh míle slighe fé'n bhfáinne a bhíodh ag lucht an t-suilt. Bhíodh banndaí bláthanna timcheall cinn na gcailíní agus slata glasa ag na buacaillíbh agus bhíodh an fear ba láidre agus ba groidheomhla san pharóiste i lár an fháinne istigh, agus é ag tabhairt orduighthe uaidh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chúil Rua, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Chúil Rua, Co. Phort Láirge