School: Baile Mhic Airt, An Rinn
- Location:
- Ballymacart, Co. Waterford
- Teacher: Tomás Ó Faoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhic Airt, An Rinn
- XML Page 72
- XML “Na Liosanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ar thalamh Mícheal ó hAthaire tá lios eile agus deirtear go bhfaca fear firín beag agus bhí caipín dearg air le linn tuitim na h-oíche.---------------------------Deirtear go bhfuil lios ar talamh muintir Mhic Gearalt i mBaile Uí Cuirrín. Aon oíche amháin fadó chonaic duine de na Mac Gearalt fear beag. Chuaidh sé anonn chuige agus d'iarr an fear beag ar an nGearaltach píosa tobac a thabhairt dó. Ní thabharfadh an Gearaltac an tobac dó agus thosnuigh sé ag glaoch ainmneacha ar an bhfirín. Nuair a chuaidh an Gearaltach abhaile an oíche sin chuaidh sé a codladh agus ní bfuigheadh sé eirighe ar maidin agus fuair sé bás im tráthnóna.--------------------------------Bhí lios i mBarra na Stuac cúpla blian ó shoin agus do dhein feirmeoir an lios do threabhadh. Nuair a bhí sé ag crúdh na mba an oíche sin tháinigh pian mór ina mhéar beag. Shíl sé an chúis gur dealg a bhí ann
- Collector
- Máire Breathnach
- Gender
- Female
- Address
- An Chúil Rua, Co. Waterford