Scoil: Baile Mhic Airt, An Rinn
- Suíomh:
- Baile Mhac Airt, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás Ó Faoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ar thalamh Mícheal ó hAthaire tá lios eile agus deirtear go bhfaca fear firín beag agus bhí caipín dearg air le linn tuitim na h-oíche.---------------------------Deirtear go bhfuil lios ar talamh muintir Mhic Gearalt i mBaile Uí Cuirrín. Aon oíche amháin fadó chonaic duine de na Mac Gearalt fear beag. Chuaidh sé anonn chuige agus d'iarr an fear beag ar an nGearaltach píosa tobac a thabhairt dó. Ní thabharfadh an Gearaltac an tobac dó agus thosnuigh sé ag glaoch ainmneacha ar an bhfirín. Nuair a chuaidh an Gearaltach abhaile an oíche sin chuaidh sé a codladh agus ní bfuigheadh sé eirighe ar maidin agus fuair sé bás im tráthnóna.--------------------------------Bhí lios i mBarra na Stuac cúpla blian ó shoin agus do dhein feirmeoir an lios do threabhadh. Nuair a bhí sé ag crúdh na mba an oíche sin tháinigh pian mór ina mhéar beag. Shíl sé an chúis gur dealg a bhí ann
- Bailitheoir
- Máire Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chúil Rua, Co. Phort Láirge