School: An Ghráinseach, Eóchaill
- Location:
- Grange, Co. Waterford
- Teacher: Deaglán Ó Cuilliú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Page 429
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí feirmeoir ann fadó agus bhí mac aige.
Maidin amháin chuaidh an mac amach chun na beithíg a d'fheiscint, bhí fear beag ina shuí ar an gclaidhe. Labhair sé leis an bhfear óg agus d'fhiafraigh sé de an raibh eagla aige roimhe. Dúirt an buachaill ná raibh. Bhíodar ag caint tamall agus sa deire d'fhiafraigh an fear beag den buachaill an raghadh sé áit éigin an oíche sin. Dúirt an buachaill go raghadh. An oíche sin chuaidh an buachaill amach sa pháirc agus bhí an fear beag ann agus dhá capaill aige. Chuadar in áirde ar na capaill agus d'imíodar leotha. Tar éis tamaill labhair an fear beag leis an mbuachaill. Dúirt sé leis go mbeidís ag dul go tig éigin a bhí timpeall deich mhíle chun siúl.
Nuair a thángadar go dtí an tigh lbhair an fear beag arís. Dúirt sé leis an mbuachaill dul isteach ach go bhfanfadh sé féin amuigh.
Dúirt sé leis an mbuachaill go raibh rinnce ag na daoine istigh. Dúirt sé leis go raibh cailín ana-dheas istigh. Iníon fear an tí ba eadh í.
Dúirt sé leis í a thabhairt amach agus go deógfidís abhaile í.
Chuaidh an buachaill isteach agus thit sé i ngrá leis an gcailín.
Nuair a bhí an rinnce thart thóg an buachaill an cailín amach. Bhí an fear beag amuigh agus chuir sé an cailín in áirde ar a chapall féin. Nuair a bhíodar(continues on next page)- Collector
- Peig Ní Cuilliú
- Gender
- Female
- Informant
- Maitiú Mac Gearailt
- Gender
- Female
- Age
- 57
- Address
- Grange, Co. Waterford