School: An Teampoll Geal, Ceapach Chuinn (roll number 3549)
- Location:
- Whitechurch, Co. Waterford
- Teacher: Liam Ó Faoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Do bhí cailín ann fadó agus bhí feirm bheag aici.”
Do bhí cailín ann fadó agus bhí feirm beag aici. Bhí tobar i gceann des na páirceanna. Tobar draíochta dib eadh é. Do bhíodh clár anuas ar an dtobar úd i gcónaí. Do scéithfeadh an t-uisce amach as an tobar agus do báidhfeadh sé na daoine as an tobar agus na tithe agus na beithigh a bhí ina an dúthaigh sin muna mbeadh an clúdach a bheith air. Do bhí sean-bhean agus a h-iníona ina chónaí tamall beag ón tobar. Ní raibh aon chiall ag an iníon. Dobh annamh a dhéineadh sí aon rud na cheart. Ba mhinic a thughadh a máthair comhairle di ach ní raibh aon maith di ann. Lá amháin dúirt a mháthair léi dul go dtí an tobar 'diarraidh buocéid uisce agus ar sise léi "ná dhein dearmad an clár do chur ar an tobar id dhiaidh".
D'imigh sí agus an buicéid aici ach ba bheag an deitneas a bhí uirthí. D'fhan sí ag súgradh ar an mbóthar agus do bhí sé déanach nuair a shrois sí an tobar. Do bhain sí an clár de'n tobar agus do líon sí an buicéad. Thug sí a bóthar abhaile uirthí ansan agus an buicéad uisce ina láimh. Níorbh fhada ón tobar dí gur airigh sí an(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Fhloinn
- Gender
- Female
- Address
- Cappagh, Co. Waterford
- Informant
- Michael Foley
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Cappagh, Co. Waterford