School: An Teampoll Geal, Ceapach Chuinn (roll number 3549)
- Location:
- Whitechurch, Co. Waterford
- Teacher: Liam Ó Faoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Fadó bíodh trí méilí sa ló mar a tá anois act ní h-é an biadh ceudhna a bhíodh acu.”
(continued from previous page)D'ólaidís go leor bainne san am sin.
Is gnáthac go raibh an bórd i gcoinnibh an falla acu sa chistin. Iompochaidis na cosa isteach fé an bhúird. Is gnáthach go raibh insí in cosa an bhúird cun í do crocadh leis an bhfalla chun níos mó a bheith ins an chistin. Is anamh a bheadh an bórd i lán an tighe ag na daoine.
Arán min chóirce agus arán cruidhneactain a bhiodh aca. Dheinidís cistí ins an chistin. Cuirtí cludach ar an óigheannagus cuirtí tine ar an gclúdach. Le gríosach mona agus gríosach aomac a dheinidí a tine.
Feol guirt is mó a bhiodh acusan am sin go minic. An colmór agus an scadán is mó a bhiodh acu. Ins na bailtí Púirt a gheibhidís na h-éisc san.
An ócail speisialta biodh áirithe acu mar cabléidí im uachtar agus salann meascaithe leis na prátaí briste . Bídís san acu oíche Shamhna. Oíche Cásca biodh uibheaca beirithe agus cácaí milis um Nodlaigh acu.
Ní raibh té sa tír seo an am sin. Mugaíbiodh acu ag ól an bainne.- Collector
- Caitlin Ní Fionngaile
- Gender
- Female
- Address
- Ballintaylor Lower, Co. Waterford
- Informant
- Bean Uí Mhathghamhna
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Female
- Age
- 75
- Address
- Ballymulalla West, Co. Waterford