School: Clochar na Toirbhirte, Dúngarbhán (roll number 12087)

Location:
Dungarvan, Co. Waterford
Teacher:
An tSr. Proinseas
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0645, Page 204

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0645, Page 204

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Toirbhirte, Dúngarbhán
  2. XML Page 204
  3. XML “An Dall Bán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus de Churrach Cluana bhí an tIarla le gabháil mar bhí bóthar ag saighdiúirí tríd an duithche sin. Chuir an dá dhream a gcomhairle i gceann a chéile agus shocruigheadar ar fhogha a thabhairt fé an Iarla mhacánta agus ar chuid de thoradh an tsaothair gan trócaire do bhaint de. Tá gleann doimhin síos fé bhun an chaisleáin agus annsan a chuad i bhfolach ag fuireacht leis. Tháinigh sé féin agus a ghárda len a chois agus thug an dream eile fé sa gleann. Bhí caoi maith acu air an namhad agus thángadar air d'urchór. Thógadar an fircin óir agus mharbhuigheadar gach aon fhear riamh de'n ngárda. Níor chuaidh as, ach an tIarla féin. Deirtear go mbíonn an tádh ara leithéid i gcomhnaidhe. Bhí árd-chapall aige agus chuaidh sé de léim treasna fighrac a bhí ann. Níor fhead aoinne é a leanamhaint i nam agus thug sé na cosa leis isteach go Cluain Meala. "Léim an Iarla" a tugtar ar an áit sin ó shoin ann.
    Nuair bhí deire leis an dtroid agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán de Paor
    Gender
    Female
    Address
    The Square, Co. Waterford
    Informant
    Pádraig Ó Milleadha
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Kilbryan Upper, Co. Waterford