Scoil: Clochar na Toirbhirte, Dúngarbhán (uimhir rolla 12087)
- Suíomh:
- Dún Garbhán, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: An tSr. Proinseas
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus de Churrach Cluana bhí an tIarla le gabháil mar bhí bóthar ag saighdiúirí tríd an duithche sin. Chuir an dá dhream a gcomhairle i gceann a chéile agus shocruigheadar ar fhogha a thabhairt fé an Iarla mhacánta agus ar chuid de thoradh an tsaothair gan trócaire do bhaint de. Tá gleann doimhin síos fé bhun an chaisleáin agus annsan a chuad i bhfolach ag fuireacht leis. Tháinigh sé féin agus a ghárda len a chois agus thug an dream eile fé sa gleann. Bhí caoi maith acu air an namhad agus thángadar air d'urchór. Thógadar an fircin óir agus mharbhuigheadar gach aon fhear riamh de'n ngárda. Níor chuaidh as, ach an tIarla féin. Deirtear go mbíonn an tádh ara leithéid i gcomhnaidhe. Bhí árd-chapall aige agus chuaidh sé de léim treasna fighrac a bhí ann. Níor fhead aoinne é a leanamhaint i nam agus thug sé na cosa leis isteach go Cluain Meala. "Léim an Iarla" a tugtar ar an áit sin ó shoin ann.
Nuair bhí deire leis an dtroid agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán de Paor
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chearnóg, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Milleadha
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cill Bhriain Uachtarach, Co. Phort Láirge