School: Mágh Dheilge, An Cheapach (roll number 9889)
- Location:
- Modelligo, Co. Waterford
- Teacher: Séamus Ó Banáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean desna Breathnaigh i Maigh Dheilge an uair sin , agus bhí paidrín bréagh aici . Nuair a bhí sí ag fágháilt bháis d'fág sí an paidrín ag a h-inghean. Tamall éigint i n-a dhiaidh sin, caill an inghean an paidrín agus chuarduigh sí gach aon áit á lorg , ach ní raibh a thuarisc le fágail thíos ná thuas . Bhíodh sé ráidhte go raibh fhíos ag Nóra , agus chuaidh an bean eile go dtí í ag feuchaint an bhfaghadh sí aon tuairisc a thabhairt de ar an bpadrín . " Tar chughain i gceann cúpla lá; ar sí sin . Tháinigh agus d'innis sí di cá raibh paidrín . "Tá sé i n-a leithéid seo ' cupórd fén éadach cláir atá ann, agus ni'l agat ach do lámh a leagaint air' ar sí sin. B'fhiór di: bhí san áit ceádhna a dubhairt sí.
- Collector
- Séamus Ó Banáin
- Gender
- Male