School: Naul (roll number 1170)
- Location:
- Naul, Co. Dublin
- Teacher: C. Mac Fhíonntaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Sean-Nósanna - Nósanna ag Baint le Oíche Cinn Féile
“Oidhche Féil Brigde”
Sean Nósanna
Nósanna ag baint le oidhche Cinn Féile
1.Oidhche Féil Brigde
Ar an oidhche seo gheibhtear cliabh, cuirtear sop luachair i dtósan an cléibh, agus cuireann gach aon duine de bhunadh an toighe ball da chuid éadaigh isteach sa cliabh fosda. Téidheann bean an toighe nó an cáilín is sine sa teach amach go dtí an doras cúl agus an cliabh léithe eadar a dá láimh. Scairteann sé dhá uair; Gabhaigid ar mbur nglúna, fosglaigidh bhur súile agus leigigidh isteach Brighid". "Sé beatha," a freagrann a bhfuil istigh. "Gahaigidh ár mbur nglúna, fosglaididh bhur súile agus leigidh isteach Brighid Beannuighthe,"adeir sí an tríomhadh uair.
"Sé beatha na mrá uaisle," freagrann bunadh an toighe. An té atá amuuigh tig sí isteach annsin agus éirigheann muinntir an toighe na seasamh indiadh tamall téidheann sí amach arais agus beireann sí isteach an luachair. Toisigheann gach aon duine ag deanamh "Cros Brighde," agus bithear ag coimhlint le cheile go bhfeictear cé is blathmhara a gníos Cros.(continues on next page)- Collector
- Cathal Mac Fhíonntaigh
- Gender
- Male
- Informant
- Neans Ní Chealachain
- Gender
- Female
- Age
- 74
- Address
- Tawnaghgorm, Co. Donegal