School: Leitir Fhada
- Location:
- Letterfad, Co. Donegal
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhaoighill
![The Schools’ Collection, Volume 1036, Page 371](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1036%2FCBES_1036_371.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1036, Page 371
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Fhada
- XML Page 371
- XML “Nósanna na hÁite”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ins an tráthnóna téigeann fear an tighe amach agus baineann sé punann luachra. Ins an t-sean aimsear is as cóchán is mó a gnidhtí crósanna. Fágann sé an punann taobh amuigh de’n dóras cúl go mbíonn an tae reidh ag dul ó solus de. Annsin téigheann sé amach agus buaileann sé trí uaire ar an dóras, agus deireann sé, “Gabhaigidh ar bhur nglúna, fósglaigidh bhur súile agus leigigidh isteach Brighid”. Annsin bheireann bean an tighe mar freagar air, “Sé Beatha”. Deireann sé an rud ceadhná áth-uair agus freagrann bean an tighe air, “Sé Beatha Sé Beatha”. An tríomhadh uair deireann sé, “Gabhaigidh ar bhur nglúna, fosglaigidh bhur súile agus leigigidh isteach Brighid beannuighthe”, agus deireann beinadh an tighe, “Sé beatha na mná uaisle”. Tigeann sé isteach annsin agus fagann sé an punann faoi’n tabhla. Deireann bean an tighe, “bain an cluas de’n tuirtín agus tabhair a sáith dó’n dáiltín. Nuair a bhíos an tae thart agus béile beirte caithte ag achan dhuine, gnidheann siad crósanna de’n luchair agus córr-uair(continues on next page)
- Collector
- Maighread Ní Ghallochobhair
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Disert, Co. Donegal