Scoil: Leitir Fhada
- Suíomh:
- Leitir Fada, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhaoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Fhada
- XML Leathanach 371
- XML “Nósanna na hÁite”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ins an tráthnóna téigeann fear an tighe amach agus baineann sé punann luachra. Ins an t-sean aimsear is as cóchán is mó a gnidhtí crósanna. Fágann sé an punann taobh amuigh de’n dóras cúl go mbíonn an tae reidh ag dul ó solus de. Annsin téigheann sé amach agus buaileann sé trí uaire ar an dóras, agus deireann sé, “Gabhaigidh ar bhur nglúna, fósglaigidh bhur súile agus leigigidh isteach Brighid”. Annsin bheireann bean an tighe mar freagar air, “Sé Beatha”. Deireann sé an rud ceadhná áth-uair agus freagrann bean an tighe air, “Sé Beatha Sé Beatha”. An tríomhadh uair deireann sé, “Gabhaigidh ar bhur nglúna, fosglaigidh bhur súile agus leigigidh isteach Brighid beannuighthe”, agus deireann beinadh an tighe, “Sé beatha na mná uaisle”. Tigeann sé isteach annsin agus fagann sé an punann faoi’n tabhla. Deireann bean an tighe, “bain an cluas de’n tuirtín agus tabhair a sáith dó’n dáiltín. Nuair a bhíos an tae thart agus béile beirte caithte ag achan dhuine, gnidheann siad crósanna de’n luchair agus córr-uair(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maighread Ní Ghallochobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Disert, Co. Dhún na nGall