School: Cruach (roll number 15931)

Location:
Croagh, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Duibhir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1038, Page 126

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1038, Page 126

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cruach
  2. XML Page 126
  3. XML “Dóchas na Caillí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    san Iorruaidh agus dá mbíodh trí slicneacha de’n chrann sin agat le dóigheadh faoi na gaothsan chuirfeá an tóir ar an chuilceach”.
    Ar maidin lá thar na bhárach cuirfadh ar shiubhal teachtaire cruadh gasta dá chuid na comharsan fá choinne na slicneach. Ar an bhealach no cuan thug sé isteach le fear a bhí ag coireadh sean bháid. Bhuail an bheirt ‘un comhraidh agus fríd an chomhradh d’innis an teachtaire caidé’n siubhal a bhí air.
    “Dá mbíonnse in do áit se”, ars fear an bháid, “ghearrfainn an aithghiorra. Bheirfinn lán cráige de slisneacha an t-sean bháid cuicí agus bh’fhéidir go leisfeadh siad go í comh maith le slisneacha ar bith eile dá dtiocadh leat d’fhághail”. Thóg an teachtaire do nó trí cheann de na slicneacha agus thug a aghaidh ar an bhaile. Nuair a mheas sé go rabh an t-am aige a bheith arais as an Iorruaidh chuaidh sé fhad leis an caillighe agus na slicneacha leis.
    D’iarr sé uirthí suidhe suas. Thug sé teine do na slicneacha faoi na gaothsan agus nuair a bhí an slis deireannach ar shéala a bheith dóighte léim an cuilceach amach ar a beál. “Is dona thú,” ars an teachtaire, “ma’s iad slisneacha an t-sean bháid a chuir an tóir ort.” “O,” ar seisean, “ní h-iad slisneacha an t-sean bháid ach Dóchas na Caillighe”.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Mollaidh Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Informant
    Seán a Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Meenacloy, Co. Donegal