School: Cruach (roll number 15931)
- Location:
- Croagh, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Duibhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cruach
- XML Page 166
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí sagart ann aon uair amháin agus níl cuimhne agam anois ca fhad atá sé ó mhair sé. Rinne sé seanamair Domhnach amháin ar gabhail 'un na Flaitheas agus gur bealach cuan, corrach a bhí ann, agus gur bealach leathan fairsing a bhí a gabhail go h-Ifrinn.”
(continued from previous page)rinne seisean an seanamair indé a’ cuartughadh an bealach cuan, corrach fríd toim agus druiseógaí a bhí a’ gabhail ‘un na Flaitheas agus nach bhfuair sé ‘a greim le h-ithe ó shoin. D’iarr an sagairt air gabhail isteach ‘un t-seomra or glac sé truaigh do agus d’orduigh an sagairt don cailin a bhricfeasta a dheánadh réidh dó. Rinne sí sin.
Bhí pictiúr na Maideana Beannuigh I gcoirneal na seomra agus dar leis an fear go rabh sí a stanadh go gcur air. Ní rabh fhios ag an fear cé bhí ann. Shíl sé gur bean beo a bhí innte agus dar leis go rabh sí a’ coimheadh as miosúr air agus labhair sé agus d’iarr sé uirthí ma bhí ocras oirthí suidhe anall agus cuid de seo a ithe.
Labhair sise leis annsin, “Ithe tú fhéin sin níl tú as fheidmh agus béidh tú ar dannear agamsa amarach”.
Bhí an sagart istoigh ins an seomra eile agus chualaidh sé an seancúis or ní rabh eadartha(continues on next page)- Collector
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Prionsus A Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 20