School: Cruach (roll number 15931)
- Location:
- Croagh, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Duibhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cruach
- XML Page 179
- XML “Le Linn é Bheith ar Fastó”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí gasúr ann am amháin agus chuaidh sé ar aimsear chuig feirmeoir. Sé an seort obair a bhí aige da a bhuachailleacht. Bhí sgaith droch áit ann agus ní rabh an gasúr a fághail dadaí le h-ithe ach mar rabh fhéin bhí sé a biseadh na ba agus tarbh i dtolamh. Bhí triúr ingheanacha ag an fheirmeóir seo. Chuaidh bean aca amach lá amháin go bhfeicfeadh sí an bhfeicfeadh sí é ag fághail dadaí le h-ithe. D’iarr an gasúr uirthí suidhe agus nuair a fuair sé na suidhe í chuir sé biorán suain ina cionn agus thuit sí ina codhladh. Chuaidh an tarbh beag fhad leis an chlaidh agus bhuail sé adharc air agus tháinig tábla bréagh bidhe agus dighe amach fhad leis an ghasúr. Chuaidh an cailín abhaile annsin agus dubhairt sí nach bhfacaidh sí an gasúr ag fághail dadaí le h-ithe.
Dubhairt bean eile go rachfadh sí amach lathair-na-mharach go bhfeicfeadh(continues on next page)- Collector
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Prionsus A Ghallchobhair
- Gender
- Male