School: Learga na Saorthach (roll number 14888)
- Location:
- Learga na Saorthach, Co. Donegal
- Teacher: Cathal Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Murcadh Mór agus Murchadh Beag.Chuaidh Murchadh Mór agus Murchadh beag amach ag baint sugh-chraobh lá amháin. Bhí mála leobhtha, líon siad é, agus nuair a bhí tuitim na h-oidhche ann bhí siad ag gabháil abhaile, agus arsa Murcha Beag le Murchadh Mór. "Is liom-sa leath de na sugh-chraobh". "Bhéarfaidh mé an leath dhuit" arsa Murchadh Mór. Nuair a bhí siad ag gábháil abhaile bhí aca a ghabhail ag roilig. Nuair a bhí siad ag gábháil thart dubhairt siad le na chéile go rachadh siad isteach go rannadh siad an sugh-chraobh. Rinne siad sin, agus thoisigh siad ag rann an sugh-chraobh mar seo. "Ceann duitse." "Cean domhsa". "Ceann duitse". "Ceann domsa." Bhí beirt fhear ag gábháil thart ag an roili[g] fhad is bhí na gasraidhe dá rádh, agus ní rabh fhios aca cadé bhí istoigh san roilig. Suidh na fir taobh amuigh de'n roilig tamall ag éisteacht. Arsa fear(continues on next page)
- Collector
- Bríghid Ní Bhaoghaill
- Gender
- Female
- Address
- Abhainn tSeiscinne, Co. Donegal
- Informant
- Máire Ní Bhaoghaill
- Gender
- Female
- Address
- Abhainn tSeiscinne, Co. Donegal