Scoil: Learga na Saorthach (uimhir rolla 14888)
- Suíomh:
- Learga na Saorthach, Co. Donegal
- Múinteoir: Cathal Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Saor Cloiche a bhí ann fad ó soin.Bhí saor-cloiche ann aon uair amháin, agus bhí sé ag deánamh caisleáin. An méid a bhéadh deánta aige tráthnóna bhéadh sé ar lár ar maidín. Tháinig Oisín, mac Fhinn, agus dubhairt sé leis an saor-cloiche: "Seasochaidh mise ag an bhalla seo go bhfeicidh mé caidé tá ceárr". Sheas sé ag an bhalla.
Ní raibh sé i bhfad 'na sheasamh go dtáinig tarbh thart. Thoisigh sé ag cuimilt é fhéin leis an bhalla, nó gur leag sé an taobh de'n bhalla. Annsin thoisigh sé agus leag sé na clocha. Mharbhuigh Óisin an tairbh. D'iarr sé ar an saor-cloiche, é a fhéannadh agus giota a chur sá phóta dó-san. Rinne an saor-cloice mar h-iarradh air. Nuair a bhí sé bruithte thoisigh siad ag troid fá dtaobh de. Fuair Oisín ceathramadh de, agus nuair a dith sé é thuit sé 'na chodladh. Acht sul ar chodluigh sé, d'iarr sé ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Chuinnea
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín an Chearrbhaigh, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Anna Ní Chuinnea
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín an Chearrbhaigh, Co. Donegal