School: Mín Teineadh Dé
- Location:
- Meentanadea, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bilí 'Ach Gluinsigh agus a Bhean Bríghid Óg
San leath deiridh de ochtnadh aois déag bhí clann na gcomhnaidhe in Gleann Gheis ar an tugadh Clann Uí h-Eachaidh agus bhí an cháil ortha seo le filidheacht fósta. Tuairim an ama seo thárluigh gur pósadh duine de'n chlann seo, Bríghidh Óg ar fhear ar ainm dó Bilí 'Ach Gluinsigh. Duine léigheanna a bheadh Bilí agus bhí an t-iomradh amuigh air go rabh sé 'na file. Ca bith thug sé leis Bríghid Óg Ní h-Eachaidh agus marbh-stad nó mór-chomhnuidhe ní thearn siad gur shocruigh siad iad fhéin i mbothan ceann sgath i bParoiste Cill Taobhóige. Deir daoine gur maighistear sgoile a bhí i mBillí acht ca bith ní raibh acht ciab agus portach san áit a raibh comhnuidhe ortha anois agus charbh iongantas ar bith é. Brighid Óg a bhéith buadhartha siocar(continues on next page)