School: Mín Teineadh Dé
- Location:
- Meentanadea, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Teineadh Dé
- XML Page 223
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé in a chomhnaidhe comhgarach do choill. Bhí beirt comradaidhe aige.”
Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé in a chomhnaidhe comhgarach do choill. Bhí beirt comradaidhe aige. Aon lá amháin bhí siad go léir ag obair. Nuair a bhí siad ag teacht abhaile b'éigin dóbhtha a gabhail tríd an choill. Shuidh siad síos tamall faoi chrann. Tháinig beirt preachán thart agus sheas siad ar an chrann a rabh an triúr fear faoi agus thoisigh siad ag cainnt eatorra fhéin. "Ó" arsa préachan amháin "dá mbéadh an méid eolais ag apn duine agus atá againn bheadh domhain eile ann. Nuair a thiocfas an oidhche tuitfidh driucht agus dá nighfeadh duine dall a shúile ins an driucht seo tcídhfeadh sé aríst." "Tá sin ceart" arsa'n préachan eile "agus tá bláth ag fas ins an choill seo agus dá mbéadh sí doighthe thiocfadh le duine tinn an luaith a ithe agus gheobhfadh sé leiseach aríst." Annsin labhair an chéad arais agus arsa seisean "Níl uisge ar bith ins an bhaile seo anois acht tá fhios agam fá áit a(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Address
- Carraig an tSléibhe, Co. Donegal
- Informant
- Mícheal Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Address
- Carraig an tSléibhe, Co. Donegal