School: Cill Chartha
- Location:
- Cill Charthaigh, Co. Donegal
- Teacher: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chartha
- XML Page 261
- XML “Baile an Droichid”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Caonachán an tainm atá ar an bhaile talaimh a bhfuil an baile beag seo ann agus sé an fáth a tugadh an tainm sin air go bhfuil caonach go leor le fághail, go dtí an lá indiu féin i gcuid den bhaile. An Purtach Mór a tugtar ar an chuid sin.
Tá an baile seo suidhte cúig mhíle ó na Ceallaibh Beaga de réir an tsean chuntais, ach cuireadh fad leis an giota sin, agus anois bheadh seacht míle agus corradh agat le suibhal ó seo go dtí na Cealla. I logan seasacir, ameasc na gcnoc tá muinntir an bhaile seo ag caitheamh a saoghal go suaimhneach. Tá sé cóngarach dó'n fhairrge, gan a bheith na chaladh-phort. Ní tig le duine dul asteach ann gan dul le Fánaidh agus ni tig a theacht amach as gan Malaidh a chur thar é. Tá fa thuairim dhá-fhichead toighthe ann agus fa tuairim céad agus triocha daoine na gcomhnuidhe ionnta. Bhí corradh agus dá chéad ar an bhaile leith-chéad bliadhan ó shoin. Tá Teach a'Phobail ag an ceann thoir den bhaile agus an teampuill gállra ag an cheann thiar. Tógadh an teach Gaidealach in 1904. Bhí an sean Teach a'Phobail ag an cheann seo den baile fasta giota beag taobh thíor ó'n cheann úr.(continues on next page)- Informant
- Paddy Neillí
- Other names
- Paddy Neillí (local name)
- Paddy Ua Gallcobhair
- Gender
- Male
- Age
- 86