Scoil: Cill Chartha
- Suíomh:
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chartha
- XML Leathanach 261
- XML “Baile an Droichid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Caonachán an tainm atá ar an bhaile talaimh a bhfuil an baile beag seo ann agus sé an fáth a tugadh an tainm sin air go bhfuil caonach go leor le fághail, go dtí an lá indiu féin i gcuid den bhaile. An Purtach Mór a tugtar ar an chuid sin.
Tá an baile seo suidhte cúig mhíle ó na Ceallaibh Beaga de réir an tsean chuntais, ach cuireadh fad leis an giota sin, agus anois bheadh seacht míle agus corradh agat le suibhal ó seo go dtí na Cealla. I logan seasacir, ameasc na gcnoc tá muinntir an bhaile seo ag caitheamh a saoghal go suaimhneach. Tá sé cóngarach dó'n fhairrge, gan a bheith na chaladh-phort. Ní tig le duine dul asteach ann gan dul le Fánaidh agus ni tig a theacht amach as gan Malaidh a chur thar é. Tá fa thuairim dhá-fhichead toighthe ann agus fa tuairim céad agus triocha daoine na gcomhnuidhe ionnta. Bhí corradh agus dá chéad ar an bhaile leith-chéad bliadhan ó shoin. Tá Teach a'Phobail ag an ceann thoir den bhaile agus an teampuill gállra ag an cheann thiar. Tógadh an teach Gaidealach in 1904. Bhí an sean Teach a'Phobail ag an cheann seo den baile fasta giota beag taobh thíor ó'n cheann úr.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Paddy Neillí
- Ainmneacha eile
- Paddy Neillí (ainm áitiúil)
- Paddy Ua Gallcobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 86