School: Straleel (roll number 16033)

Location:
Srath Laoill, Co. Donegal
Teacher:
Brian Ó Breisleáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 27

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 27

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Straleel
  2. XML Page 27
  3. XML “Fionn Mac Cumhaill i dTeamhair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ar na hamhaois go dtí go raibh siad uilig marbh aige acht ceann amháin. Léim seisean suas ar an fharadh. Bhí an Fear Ruadh ag gabhail a chaitheamh giota airsean fosda acht dubhairt sé. “Má leigeann tú saor mé bhéarfaidh mé claidheamh duit agus duine ar bith a dtiocfhaidh sé air mairfidh sé é”. D’innis sé do cá háit a raibh an claidheamh. “O! Is liom fhein sin feasta” arsa an Fear Ruadh. Bhí an Fear ruadh ag gabháil a chaiteamh giota iariann air act dubhairt sé. “Má leigeann tú saor mé bhearfaidh mé clóca duit agus nuair a chuirfeas tú ort é, ní fheicfhidh duine ar bith thú”. D’innis sé dó ca háit a raibh an clóca fosta. Ó! is liom fhéin sin feasta” arsa an Fear Ruadh. Le sin chaith sé giota beag iariann air agus thuit an t amhas marbh. Fuair an Fear Ruadh an cloca agus an claidheamh.
    Ar maidín an lá-thar-na-bharach nuair a tháinig teachtaire an Riogh amach, bhí iongantais an domain ar nuair a chonnaic sé na hamhaois uilig marbh agus an dá fhear beo. Shil sé go mbeadh an dá fhear marbh agus na h-amhaois uilig beo. Leigeadh amach iad. Bí cuig chead saighdiuir reidh ag an Righ fa na gcoinne. Fuair a Fear Ruadh claidheamh an amhaois agus chuaidh sé tharstú inar bheadh séideán gaoighe ann agus bhain sé na cinn de na cúig chead saighdiúir. Annsin chuaidh sé isteach go teach an Riogh agus bhain sé an cheann de’n Righ agus thug sé an ceann do Fhinn Mhic Chumail. D’fág siad slán ag an Domhan Thoir agus thug siad (siad) a n agaidh ar Éirinn. Shiubhal siad leobhtha go dtáinih siad fhad leis an áit a raibh beathach an Fir Ruaidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Fionn Mac Cumhaill (~137)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhochartaigh
    Gender
    Female
    Address
    An Charraig, Co. Donegal
    Informant
    Éamon Ó Gallachobhair
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    75
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Killybegs, Co. Donegal