School: Straleel (roll number 16033)
- Location:
- Srath Laoill, Co. Donegal
- Teacher: Brian Ó Breisleáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Straleel
- XML Page 28
- XML “Fionn Mac Cumhaill i dTeamhair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus Tón Iarainn gan Tapadh i na dhá charraig cloiche. Tharraing se amach a shláitin draoidheachta arais. Rinne sé beo arís iad. Annsin d’fhág sé slán ag Fionn agus Tón Iarainn agus dubhairt sé go raibh an tam aige a bheith ag imtheacht. Thug Fionn buaidheachas dó agus d’imthigh sé. Ní fhaca siad an Fear Ruadh níos mó. Phill Fionn agus Tón Iarainn go Teamhair.
Ar maidin an lá-thar-na-bharach Chuaidh Fionn amach arís. Tháinig an bhean-mhor roimhe arais. Thug sé an ceann díthe. Ní raibh aici an lá seo acht lámh amháin. Ní fhéadamsa a radh gur aisti sa a tharraing an Fear Ruadh an lámh. “Caithfidh mé buaidheach a thabhairt duit ar son do chuid oibre”, arsa sise. “Caithfidh tú fhéin agus do chuid Fianna a theacht chugamsa ar uair an meadhon-lae anóirthir”. Annsin d’imthigh sí.
Rinne na Fianna reidh le imtheacht. D’imthigh siad uilig innsoir an Dinnéir. Acht is cosmhail gur fhág siad fear amháin ‘na ndiaidh. Bhí siad ag siubhal leobhtha ar feadh i bhfad agus ní fhada siad theach ar bith. Ins an deireadh chonnaic siad teach agus ceann óir air. Chuaidh siad isteach. Ní raibh duine ar bith ann. Bhí neart bidh agus dighe ar an tábla. Bhí cathaoireacha oidhre thart fá’n tabla. Shuidh siad síos agus d’ith siad agus d’ól siad a sáith. Nuair a thug siad iarraidh eirigh bhí siad greamuighthe de na cathaoireacha agus bhí na cathaoireacha greamuigthe do urlár. Bhí siad annsin gan iad ábalta coradh. Le sin isteach leis an fear a d’fhag siad i na ndiaidh.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Dhochartaigh
- Gender
- Female
- Address
- An Charraig, Co. Donegal
- Informant
- Éamon Ó Gallachobhair
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Killybegs, Co. Donegal