School: Straleel (roll number 16033)
- Location:
- Srath Laoill, Co. Donegal
- Teacher: Brian Ó Breisleáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ina comhnuidhe ins na Rosaibh uair amháin d’arb ainm do Séamus Ó’Frighill. Bhí sé posta acht ní raibh muirigheann ar bith aige. Bhí sé fhéin agus a bhean in a gcomnuidhe i gcró bheag toighe ar thaoibh sleibhe. Bhí sé an bhocht. Bhí an tocras ortha lá amháin agus dubhairt an bhean le na fear lá amháin go gcaithfeadh sé an bhó amháin a bhí aca a dhíol. D’imthigh Séamus leis an bhó. Bhí aonach ar an Chlochan Liath an lá seo. Nuair a bhí sé ag ceann an bhaile casadh fear beag ruadh air. “Cá bfuill tú ag dul leis an bhó sin” arsa an fear beag ruadh. “Caidé bhéinn ag dul a dhéanamh leithe acht ag dul d’á díol”. arsa Seamus. “Bhal” arsa an fear beag ruadh.’ “Bhearfaidh mise deich bpúnta duit uirthí glac é nó na glac”. “Maise chá nglacaim leoga” arsa Seamus ag [toi?] an bhó ar siubhal. Chuaidh sé ‘un aonaigh. Níor fhiafruigh duine nó tachran dó an lá sin cá raibh sé ag dul leis an bhó. Nuair a bhí sé ag teacht amach ag ceann an(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Dhochartaigh
- Gender
- Female
- Address
- An Charraig, Co. Donegal
- Informant
- Pádraig Mag Fhionghaile
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Charraig, Co. Donegal