School: Straleel (roll number 16033)

Location:
Srath Laoill, Co. Donegal
Teacher:
Brian Ó Breisleáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 8

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 8

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Straleel
  2. XML Page 8
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí rí sa domhan thiar am amháin agus bhí triúr nighean aige.

    (continued from previous page)
    síos ar an rópa acht nuair a bhí seisean fá thuairm leath bealaigh fosta bhuail sé an clog. Tharraing eile go brúach é. Tháinig sé aníos cosamhail leis an chéad fear gan fíos aige cé bhí na chomhnuidhe san árus.
    “Bhel anois” ars an tamadhán “féachaidh mise leis an obair”. Cheangal sé an rópa faoi na dhá airgil. Thug sé an clog leis. Leig sé é fhéin síos ar an rópa. Bhí sé ag gábhail síos is síos sa deireadh fuair sé go talamh iochtarach.
    Nuair a fuair se go talamh iochartach chonnaic sé triúir fáthach agus iad ‘na gcodladh. Chuaidh sé isteach thairstiú go ciúin socar. D’osgail sé dóras a bhí ann agus chonnaic sé cailín an deas na suidhe i gcathaoir airgid ag cíoradh a cinn. Thuit sí a luige nuair a chonnaic sí an tamadán. Nuair a tháinig sí as d’iarraidh sí don tamadán cán áit a dtháinig sé as. “Is Cuma duit” ars an t-amadán “acht an bhfuil tú i-n inneamh innse domhsa bhfuil duine ar bith eile annseo”. “Bel níl fhios agam” ars sise “act tá mise faoi gheasa i gcás ar bith.
    D’osgal sé an dára dóras. Chonnaic sé an dára bean ‘na suidhe i gcáthaoir airgid ag cíoradh a cinn. Thuit sise a luige fosta nuair a chonnaic sí an tamadán. Nuair a tháinig sí as d’iarraidh sí dón t-amadán cán áit dtáinig sé as. “Is cuma duit” ars an t-amadán “acht bhfuil tú i-n inneamh innse domhsa bhfuil duine ar bith eile annseo. “Bhel níl fhios agam” ars sise “acht tá mise faoi gheasa i gcás ar bith”.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0301: The Three Stolen Princesses
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Nic Bhriartaigh
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    An Charraig, Co. Donegal
    Informant
    Seamus Ó Gáibhtheacháin
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Male
    Age
    60