Scoil: Straleel (uimhir rolla 16033)
- Suíomh:
- Srath Laoill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ó Breisleáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Straleel
- XML Leathanach 8
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí rí sa domhan thiar am amháin agus bhí triúr nighean aige.”
(ar lean ón leathanach roimhe)síos ar an rópa acht nuair a bhí seisean fá thuairm leath bealaigh fosta bhuail sé an clog. Tharraing eile go brúach é. Tháinig sé aníos cosamhail leis an chéad fear gan fíos aige cé bhí na chomhnuidhe san árus.
“Bhel anois” ars an tamadhán “féachaidh mise leis an obair”. Cheangal sé an rópa faoi na dhá airgil. Thug sé an clog leis. Leig sé é fhéin síos ar an rópa. Bhí sé ag gábhail síos is síos sa deireadh fuair sé go talamh iochtarach.
Nuair a fuair se go talamh iochartach chonnaic sé triúir fáthach agus iad ‘na gcodladh. Chuaidh sé isteach thairstiú go ciúin socar. D’osgail sé dóras a bhí ann agus chonnaic sé cailín an deas na suidhe i gcathaoir airgid ag cíoradh a cinn. Thuit sí a luige nuair a chonnaic sí an tamadán. Nuair a tháinig sí as d’iarraidh sí don tamadán cán áit a dtháinig sé as. “Is Cuma duit” ars an t-amadán “acht an bhfuil tú i-n inneamh innse domhsa bhfuil duine ar bith eile annseo”. “Bel níl fhios agam” ars sise “act tá mise faoi gheasa i gcás ar bith.
D’osgal sé an dára dóras. Chonnaic sé an dára bean ‘na suidhe i gcáthaoir airgid ag cíoradh a cinn. Thuit sise a luige fosta nuair a chonnaic sí an tamadán. Nuair a tháinig sí as d’iarraidh sí dón t-amadán cán áit dtáinig sé as. “Is cuma duit” ars an t-amadán “acht bhfuil tú i-n inneamh innse domhsa bhfuil duine ar bith eile annseo. “Bhel níl fhios agam” ars sise “acht tá mise faoi gheasa i gcás ar bith”.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Nic Bhriartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seamus Ó Gáibhtheacháin
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60