School: Straleel (roll number 16033)
- Location:
- Srath Laoill, Co. Donegal
- Teacher: Brian Ó Breisleáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Straleel
- XML Page 88
- XML “Eoghan Buí agus Crachtar”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Pósadh an cailín i nGleann agus chuaidh an dubhaltach go Cróibh agus thainig Eoghain Buidhe na Bhogaigh agus fuair sé giota talaimh ins an talamh i na bhfuil Seamús Mac Bhriaghartaigh na chomhnuidhe anois ar a dtugtar an Tom Droighin air.
Ins an t-am seo ní rabh teach ar bith ar an Bhogach ach ceann amháin agus phos an fear a bhí ann bean as Srathlaoighfheoil agus shil athair na mná nach rabh talamh máith go leor ag na chliabhan agus thug sé giota dó fá choinne preataí luath ar a dtugtaoi na mainnseacaí air. Acht dá réir mar bhithear ag deanamh dhá leith de na gabhaltasaí (i Shrathlaoighfheoil) ar an Bhogach Bhithear ag deanamh dhá leith de mainnseacaí i Shrathlaoighfheoil agus ins an deireadh bhí giota ag an uile dhuine de bunadh an Bhogaigh ann, agus teigeadh siad uilig ann leis na preataí a chur agus theigeadh Eoghain Buidhe ann mar duine. Acht uair amháin thainig Produstún mhór na chomhnuidhe annsin ar a dtugtaoi Crachtar air agus chuireadh sé an tóir ar bhunadh an Bogaidh agus chuireadh sé abhaile iad acht ní rabh dol aige buaidh a fhaghail ar Eoghain Bhuidhe agus chuir sé fá choinne Produstún a bhí na chomhnuidhe thuas fá Inbhear le cuireadh leis.(continues on next page)- Collector
- Mairead Nic Amlaoibh
- Gender
- Female
- Informant
- Brian Ó Beirn
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Bogach, Co. Donegal