Scoil: Straleel (uimhir rolla 16033)
- Suíomh:
- Srath Laoill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ó Breisleáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Straleel
- XML Leathanach 88
- XML “Eoghan Buí agus Crachtar”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Pósadh an cailín i nGleann agus chuaidh an dubhaltach go Cróibh agus thainig Eoghain Buidhe na Bhogaigh agus fuair sé giota talaimh ins an talamh i na bhfuil Seamús Mac Bhriaghartaigh na chomhnuidhe anois ar a dtugtar an Tom Droighin air.
Ins an t-am seo ní rabh teach ar bith ar an Bhogach ach ceann amháin agus phos an fear a bhí ann bean as Srathlaoighfheoil agus shil athair na mná nach rabh talamh máith go leor ag na chliabhan agus thug sé giota dó fá choinne preataí luath ar a dtugtaoi na mainnseacaí air. Acht dá réir mar bhithear ag deanamh dhá leith de na gabhaltasaí (i Shrathlaoighfheoil) ar an Bhogach Bhithear ag deanamh dhá leith de mainnseacaí i Shrathlaoighfheoil agus ins an deireadh bhí giota ag an uile dhuine de bunadh an Bhogaigh ann, agus teigeadh siad uilig ann leis na preataí a chur agus theigeadh Eoghain Buidhe ann mar duine. Acht uair amháin thainig Produstún mhór na chomhnuidhe annsin ar a dtugtaoi Crachtar air agus chuireadh sé an tóir ar bhunadh an Bogaidh agus chuireadh sé abhaile iad acht ní rabh dol aige buaidh a fhaghail ar Eoghain Bhuidhe agus chuir sé fá choinne Produstún a bhí na chomhnuidhe thuas fá Inbhear le cuireadh leis.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairead Nic Amlaoibh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Brian Ó Beirn
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Bogach, Co. Dhún na nGall