School: Cróibh (roll number 14566)
- Location:
- Cróibh, Co. Donegal
- Teacher: Máire Ní Choilín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cróibh
- XML Page 137
- XML “Scéal - Peadar Mór”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann aon uair amháin darbh ainm Peadar Mór . Ba ghnáthach leis a bheith ag deánamh póitín , agus dá dhíol ins na Cealla Beaga. Bhí sé fhéin agus a athar agus a dhéirbhshiúr ag deánamh réidh le h-imtheacht le trí cheig poitín . Shuidh Peadar faoi an fhuinneóig go mbainfeadh sé an fhéasóg dó fhéin sul a n-imtheochadh siad. Acht nuair a bhí sé leath réidh , tháinigh triúr de na gárdaí síothchana isteach agus arsa siadsan le Peadar "Fhad a's rith tú tá tú gabhta sa deireadh .'Tcím go bhfuil" arsa Peadar , acht le mur dtoil tabharaigidh faill damh an fhéasóg a bhaint damh féin.
Nuair a bhí sé réidh nigh sé a éadan agus nuair a bhí sé ag dul suas an t-urlar léim fear , aca air go ndeánfadh sé príosúnach de , acht bhuail Peadar dorn air agus leag sé é. Annsin léim an fear eile air acht rinneadh an cleas céadhna leis sin fosda . Annsin léim an tríomhadh fear air agus bhuail Peadar dorn airsean fosda . Bhí an triúr na luighe ar an urlar agus iad na gcodhladh . Agus arsa Peadar le na dhéirbhshiúr "creidim go bhfuil fhios agatsa áit a gcuirfhea na trí gunna sin san chruth nach bhfeicfeadh aon nduine a choidhche iad.(continues on next page)- Collector
- Seosamh Ua Canainn
- Gender
- Male
- Address
- An Charraig, Co. Donegal
- Informant
- Seán Ua Baoighill
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Address
- Mín an Churraoin, Co. Donegal