School: Málainn Mhór (roll number 15991)
- Location:
- Málainn Mhóir, Co. Donegal
- Teacher: Liam Ó Beirn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Málainn Mhór
- XML Page 337
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhí Fláith Chathal ar a sheachnadh fríd an tír, tháinig sé go dtí Gleann Colmcille, d'fhan sé annsin tamall beag agus d'imthigh sé suas go dtí Meenacroise. Chuaidh sé isteach i dteach annsin. Deirtear go rabh leath-phunta tae leis agus go dtug sé é do bhean an toighe. Bhruith seisean sa phóta é. Nuair a bhí sé bruithe choinnigh sí na duilleogaí chuir sí giota im ortha thug dó iad. Fuair sé sgéal go rabh long ag fanacht air i nGleann Locha. D'imthigh sé leis go dtí Gleann Locha.
Nuair a shroich sé an áit sin bhí an long ag fanacht leis. Deirtear gur fhág sé lorg a shál ins an bhruach ag gabhail síos do, agus go bhfuil sé ann ó'n lá sin go dtí'n lá indiu.
D'imthigh sé siar go dtí an Fhrainnc annsin agus fuair sé bás annsin.Máire Brighid Ní h-Éigin
Málainn Mhóir
Leithbhearr
Co. Dhún na nGall.(continues on next page)- Collector
- Máire Brighid Ní h-Éigín
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Málainn Mhóir, Co. Donegal
- Informant
- Conall Mac Giolla Easpóigh
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Málainn Mhóir, Co. Donegal