School: Málainn Mhór (roll number 15991)
- Location:
- Málainn Mhóir, Co. Donegal
- Teacher: Liam Ó Beirn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Málainn Mhór
- XML Page 345
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Am amháin bhí bean na comhnuidhe dTeidhleann agus bhí draoidheachta aice. Bhí sí ábalta an bainne a bhaint de gach uile bó i dTeidhleann agus é a chur isteach i giota súgan. Lá amháin bhí bád i dTeidhleann agus bhí sí ag gabhail go Sligeach. Tháinig an bhean síos go dtí an caiptín agus d'iarr sí air an dtabhaireadh sé giota súgan go Sligeach. Thug. Nuair a bhí siad giota beag amach ó'n chéidh i Sligigh bhí an bád ag sios[?] agus nuair a d'amharc siad thart chonnaic siad an bád lán de bhainne. Chonnaic siad an bainne ag teacht amach as an ghiota súgan agus chaith siad amach ins an fhairrhe é agus chaith siad an bainne fosta. Nuair a chualaidh an bhean gur chaith siad an súgan isteach ins an fháirrge bhí fearg uirthí. Chuir sí mallacht ar an chaiphtín agus an lá ar an bharrach chuaidh an bád síos go tóin na fáirrge agus baitheadh uilig iad.Pádruig Ó Éigeartaigh
Málainn Mhóir
Leithbhearr
Co. Dhún na nGall.(continues on next page)- Collector
- Pádruig O Éigeartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 12
- Address
- Málainn Mhóir, Co. Donegal
- Informant
- Seamus Ó Éigeartaigh
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 79
- Address
- Málainn Mhóir, Co. Donegal